Ráitis ar Chearta

Soláthraíonn RightsStatements.org 12 ráiteas ar chearta éagsúla faoi láthair a bhféadfaidh institiúidí oidhreachta cultúrtha a úsáid chun stádas cóipchirt agus athúsáide nithe digiteacha a chur in iúl don phobal. Dearadh na ráitis ar chearta ag cuimhneamh ar úsáideoirí daonna agus úsáideoirí meaisín (amhail innill chuardaigh) araon agus cuirtear ar fáil iad mar shonraí nasctha. Tá gach ráiteas ar chearta suite ag URI uathúil.

Forbraíodh na ráitis ar chearta go sonrach le haghaidh riachtanais institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ardáin chomhbhailiúcháin oidhreachta cultúrtha ar líne agus níl siad beartaithe le haghaidh úsáid daoine aonair chun a ndéantúis féin a cheadúnú. (Má tá uirlis á lorg agat chun do shaothair féin a cheadúnú ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar cheann de cheadúnais Creative Commons a úsáid).

Trí chatagóir de Ráitis ar Chearta

Faoi Chóipcheart

Ráitis le haghaidh saothar atá faoi chóipcheart

Cóipcheart ar bith

Ráitis le haghaidh saothar nach bhfuil faoi chóipcheart

EILE

Ráitis le haghaidh saothar i gcás go bhfuil an stádas cóipchirt doiléir

Tagann na ráitis ar chearta faoi thrí chatagóir: Ráitis le haghaidh saothar atá faoi chóipcheart, ráitis le haghaidh saothar nach bhfuil faoi chóipcheart agus ráitis le haghaidh saothar i gcás go bhfuil an stádas cóipchirt doiléir. Cuireann na ráitis faisnéis ardleibhéil atá éasca le tuiscint ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi stádas cóipchirt agus athúsáide nithe digiteacha. Cé is moite den dá ráiteas le haghaidh nithe a bhfuil a stádas cóipchirt doiléir, níor cheart na ráitis seo a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis stádas cóipchirt saothair a bhunú. Is féidir leat tuilleadh eolais a aimsiú faoi conas na ráitis ar chearta a chur i bhfeidhm sa rannán doiciméad.

Ráitis ar chearta le haghaidh nithe atá faoi chóipcheart

Tá na cúig ráiteas ar chearta seo a leanas beartaithe le húsáid le nithe digiteacha atá faoi chóipcheart. Más d’eagraíocht sealbhóir ceart nithe den sórt sin agus más mian léi athúsáid a spreagadh ba chóir duit smaoineamh ar na nithe a chur ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons oscailte.

Faoi Chóipcheart

Is féidir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míre atá faoi chóipcheart. Trí úsáid a bhaint as an ráiteas seo tugtar le tuiscint gur chinn an eagraíocht a chuireann an Mhír seo ar fáil go bhfuil an Mhír faoi chóipcheart agus tugtar le tuiscint gurb ise an sealbhóir ceart, go bhfuair sí cead ón sealbhóir/na sealbhóirí ceart a chuid/a gcuid Saothair/Saothar a chur ar fáil, nó go gcuireann sí an Mhír ar fáil faoi eisceacht ó chóipcheart nó faoi theorainn ar chóipcheart (lena n-áirítear Úsáid Chóir) lena dtugtar teidlíocht di an Mhír a chur ar fáil.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/InC/1.0/

Faoi Chóipcheart - Saothar Dílleachtach AE

Tá an Ráiteas ar Chearta seo beartaithe le húsáid le Míreanna ar aithníodh a mBunsaothar mar Shaothar Dílleachtach i gcomhréir le Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe de Shaothair Dhílleachtacha. Ní féidir é a chur i bhfeidhm ach amháin i leith Míreanna a bhaintear ó Shaothair a chumhdaítear leis an Treoir: Saothair arna bhfoilsiú i bhfoirm leabhar, irisí, nuachtán, irisleabhar nó scríbhinní eile chomh maith le Saothair chineamatagrafacha nó chlosamhairc agus fónagraim (tabhair faoi deara: ní áirítear leis seo grianghrafadóireacht agus na hamharc-ealaíona). Ní féidir ach amháin eagraíochtaí ar tairbhithe de chuid na Treorach iad é a chur i bhfeidhm: leabharlanna, forais oideachais agus músaeim atá inrochtana don phobal, cartlanna, institiúidí oidhreachta scannánaíochta nó closinstitiúidí oidhreachta agus eagraíochtaí craolacháin seirbhíse poiblí, atá bunaithe i gceann de bhallstáit AE. Beifear ag coinne leis freisin gur chláraigh an tairbhí an Saothar i mBunachar Sonraí Saothar Dílleachtach AE arna choinneáil ag EUIPO.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/InC-OW-EU/1.0/

Faoi Chóipcheart - Úsáid Neamhthráchtála Ceadaithe

Ní féidir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid ach amháin le haghaidh Míreanna faoi chóipcheart arb í an eagraíocht a chuireann an Mhír ar fáil a sealbhóir ceart nó i gcás gur údaraigh an sealbhóir/na sealbhóirí ceart an eagraíocht sin go sainráite chun ligean do thríú páirtithe a chuid/a gcuid Saothair/Saothar a úsáid chun críoch neamhthráchtála gan cead a fháil ar dtús.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/InC-NC/1.0/

Faoi Chóipcheart - Úsáid Oideachais Ceadaithe

Ní féidir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid ach amháin le haghaidh Míreanna faoi chóipcheart arb í an eagraíocht a chuireann an Mhír ar fáil a sealbhóir ceart nó i gcás gur údaraigh an sealbhóir/na sealbhóirí ceart an eagraíocht sin go sainráite chun ligean do thríú páirtithe a chuid/a gcuid Saothair/Saothar a úsáid chun críoch oideachais gan cead a fháil ar dtús.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/InC-EDU/1.0/

Faoi Chóipcheart – Sealbhóir/Sealbhóirí Ceart Do-aimsithe nó Do-aitheanta

Tá an Ráiteas ar Chearta seo beartaithe le húsáid le Mír arna sainaithint mar bheith faoi chóipcheart ach nár sainaithníodh ná aimsíodh aon sealbhóir/sealbhóirí ceart ina leith tar éis imscrúdú réasúnta. Níor chóir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid ach amháin má tá an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil réasúnta cinnte go bhfuil an Bunsaothar faoi chóipcheart. Níl an Ráiteas ar Chearta seo beartaithe le húsáid ag eagraíochtaí atá bunaithe in AE agus a shainaithin Saothair mar Shaothair Dhílleachtacha i gcomhréir le Treoir AE maidir le Saothair Dhílleachtacha (ní mór dóibh InC-OW-EU a úsáid ina ionad sin).

URI: http://rightsstatements.org/vocab/InC-RUU/1.0/

Ráitis ar chearta le haghaidh nithe nach bhfuil faoi chóipcheart

Tá na ceithre ráiteas ar chearta seo a leanas beartaithe le húsáid le saothair nach bhfuil faoi chóipcheart ach i gcás ina bhfuil srianta ann seachas cóipcheart lena gcoisctear athúsáid gan srian nó i gcás nach bhfuarthas stádas as cóipcheart amach ach i leith dlínse ar leith. Níor cheart na ráitis ar chearta seo a úsáid ach amháin nuair nach féidir an Marc Fearainn PhoiblíTiomantas Fearainn Phoiblí CC0 a úsáid.

Cóipcheart ar bith - Srianta Conarthacha

Ní féidir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid ach amháin le haghaidh Míreanna atá san Fhearann Poiblí ach a bhfuil comhaontú conarthach déanta ina leith ag an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil lena gceanglaítear uirthi bearta a dhéanamh chun srian a chur ar úsáidí tríú páirtí na Míre. Ionas go mbeidh an Ráiteas ar Chearta seo dochloíte, ba cheart don eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil nasc a chur ar fáil chuig leathanach ina sonraítear na srianta conarthacha a bhaineann le húsáid na Míre.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/NoC-CR/1.0/

Cóipcheart ar bith - Srianta Dlí eile atá ar eolas

Ba cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míreanna atá san Fhearann Poiblí ach nach féidir a athúsáid gan srian mar thoradh ar shrianta dlíthiúla atá ar eolas lena gcuirtear cosc ar an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil athúsáid an Saothair gan srian a cheadú, amhail cosaintí ar an oidhreacht chultúrtha nó ar léirithe cultúrtha traidisiúnta. Ionas go mbeidh an Ráiteas ar Chearta seo dochloíte, ba cheart don eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil nasc a chur ar fáil chuig leathanach ina sonraítear na srianta dlíthiúla lena dteorannaítear athúsáid na Míre.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/NoC-OKLR/1.0/

Cóipcheart ar bith - Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ba cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míreanna ar chinn an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil a bheith saor ó chóipcheart faoi dhlíthe na Stát Aontaithe. Níor cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Saothair Dhílleachtacha (a ghlactar leis a bheith faoi chóipcheart) nó le haghaidh Míreanna nach ndearna an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil iarracht chun stádas cóipchirt an Bhunsaothair a fháil amach.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/NoC-US/1.0/

Cóipcheart ar bith - Úsáid Neamhthráchtála Amháin

Ní féidir an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid ach amháin le haghaidh Saothar atá san Fhearann Poiblí agus arna ndigitiú i gcomhpháirtíocht phoiblí agus phríobháideach inar aontaigh na comhpháirtithe teorainn a chur le húsáidí tráchtála an léirithe dhigitigh seo ar an Saothar ag tríú páirtithe. Forbraíodh é go sonrach chun gur féidir Saothair arna ndigitiú mar chuid de na comhpháirtíochtaí idir Leabharlanna Eorpacha agus Google a chur san áireamh, ach is féidir é a chur i bhfeidhm go teoiriciúil i leith Míreanna arna ndigitiú i gcomhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha comhchosúla.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/NoC-NC/1.0/

Ráitis ar chearta eile

Tá na trí ráiteas ar chearta seo a leanas beartaithe le húsáid le nithe digiteacha i gcás nár cinneadh an stádas cóipchirt go cinntitheach. Níor chóir iad seo a úsáid ach amháin mura féidir ráiteas ar chearta nó ceadúnas níos soiléire a úsáid.

Cóipcheart Neamhchinntithe

Ba cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míreanna nach bhfuil a stádas cóipchirt ar eolas agus a bhfuil iarracht déanta ag an eagraíocht a chuir an Mhír ar fáil stádas cóipchirt an Bhunsaothair a chinneadh. Go hiondúil, úsáidtear an Ráiteas ar Chearta seo nuair a bhíonn fíricí ríthábhachtacha atá riachtanach chun cinneadh cruinn a dhéanamh ar stádas cóipchirt in easnamh ar an eagraíocht.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/UND/1.0/

Cóipcheart ar bith ar eolas

Ba cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míreanna nár cinneadh a stádas cóipchirt go cinntitheach, ach a bhfuil cúis réasúnach ag an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil a chreidiúint ina leith nach gcumhdaítear an Bunsaothar faoi chóipcheart nó faoi chearta gaolmhara a thuilleadh. Níor cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Saothair Dhílleachtacha (a ghlactar leis a bheith faoi chóipcheart) nó le haghaidh Saothar nach bhfuil iarracht déanta ag an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil stádas cóipchirt an Bhunsaothair a fháil amach.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/NKC/1.0/

Cóipcheart nach ndearnadh Measúnú air

Ba cheart an Ráiteas ar Chearta seo a úsáid le haghaidh Míreanna nach bhfuil a stádas cóipchirt ar eolas agus nach ndearna an eagraíocht a bhfuil sé de rún aici an Mhír a chur ar fáil iarracht stádas cóipchirt an Bhunsaothair a chinneadh.

URI: http://rightsstatements.org/vocab/CNE/1.0/