Faoi Chóipcheart - Úsáid Neamhthráchtála Ceadaithe

Tá an Mhír seo faoi chosaint ag cóipcheart agus/nó ag cearta gaolmhara. Tá cead agat an Mhír seo a úsáid ar bhealach ar bith a cheadaítear leis an reachtaíocht chóipchirt agus ceart gaolmhar a bhfuil feidhm aici le d’úsáid. Ina theannta sin, níl aon chead de dhíth ón sealbhóir/na sealbhóirí ceart le haghaidh úsáidí neamhthráchtála. Le haghaidh úsáidí eile is gá duit cead a fháil ón sealbhóir/na sealbhóirí ceart.

Fógraí

  • D’fhéadfadh go mbeadh ort ceadanna eile a fháil don úsáid atá beartaithe agat. Mar shampla, d’fhéadfadh cearta eile amhail cearta pearsantachta, príobháideachais nó morálta srian a chur leis an gcaoi a bhféadfá an t-ábhar a úsáid.
  • Féadfaidh tú faisnéis bhreise a aimsiú faoi stádas cóipchirt na Míre ar shuíomh gréasáin na heagraíochta a chuir an Mhír ar fáil.
  • Mura luaitear a mhalairt go sainráite, ní thugann an eagraíocht a chuir an Mhír seo ar fáil aon ráthaíocht faoin Mír agus ní féidir léi cruinneas an Ráitis ar Chearta seo a ráthú. Tá tú freagrach as d’úsáid féin.

SÉANADH Is é cuspóir an ráitis seo cabhrú leis an bpobal tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir an Mhír seo a úsáid. Nuair a bhíonn Ceadúnas nó conradh (neamhchaighdeánach) ann lena rialaítear athúsáid na Míre gaolmhaire, ní dhéanann an ráiteas seo ach achoimre ar na héifeachtaí a bhaineann le cuid dá théarmaí. Ní Ceadúnas é, agus níor chóir é a úsáid chun do Shaothar a cheadúnú. Chun do Shaothar féin a cheadúnú, bain úsáid as Ceadúnas a thairgtear ag https://creativecommons.org/

URI don ráiteas seo:
http://rightsstatements.org/vocab/InC-NC/1.0/